« back Dícháilithe 2007
 

Cinneadh Ard-Chúirte gan dícháiliú an tUasal Patrick McCann - An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach AGUS Patrick McCann.

Dé Céadaoin 17 Eanáir 2007


Cinneadh Ardchúirte gan an tUasal Patrick McCann a dhícháiliú

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus Patrick McCann.  Maidir le Kentford Securities Limited (faoi imscrúdú) agus maidir le Achtanne na gCuideachtaí 1963 - 2001 agus maidir le iarratas den Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach de bhun Alt 160(2) d'Acht na gCuideachtaí 1990.

Sonraí an Cosantóir:
Patrick McCann, Cuntasóir Deimhnithe Poiblí agus Iniúchóir Cláraithe McCann and Associates, 48 Bóthar Dhroim Conrach Uachtarach, Baile Átha Cliath 9.

Ionad Coinne:
Ardchúirt Baile Átha Cliath.

Breitheamh:
An Breitheamh Michael Peart.

An Iarratas:
De bhun alt 160(2)(b) agus (d) d'Acht na gCuideachtaí 1990 (árna leasú), d'iarr an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach dícháiliú an tUasal Patrick McCann ó bheith ceapaithe nó ar ghníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó crúdaitheoir agus ar bheith bainteach ar bhealach ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach le cur chun cinn, le foirmiú nó le bainistíocht aon chuideachta nó aon chumainn thionsclaíoch agus choigiltis.  Lean an iarratas seo imscrúdú an Stiúrthóra dena imthosca a thuairiscigh oifigeach údaraithe (a cheap Aire den am sin do Fiontar Trádála agus Fostaíochta de bhun alt 19 d'Acht na gCuideachtaí 1990) a scrúdaigh leabhair chuntas agus doiciméid Kentford Securities Limited.

Toradh
I mbreithiúnas scríofa tugtha inniu, chinn an Ardchúirt gan an ordú iarrtha a dhéanamh.

Cás Bainteach:
Féach freisin an Breithiúnas níos luaithe Ardchúirte ó 7 Márta 2006 ina dhiúltaigh an Cúírt iarratas an tUasal McCann imeachtaí dhícháilithe an Stiúrthóra ina aghaidh a dhíbhe.

Achomharc:

Tar éis ordú an Ardchúirte ag diúltú tUasal McCann a dhícháiliú, rinne an Stiúrthóir achomharc rathúil ar an Cúirt Uachtarach agus faoi dheoidh dhícháiligh an Cúirt Uachtarach an tUasal McCann ar feadh tréimhse dhá bhliain.  Tá sonraí toraidh éisteachta na Chúirte Uachtarach le feiceáil faoin iontrálacha ag Máirt 30ú Samhain 2010 agus 1ú Feabhra 2011 ar ár tsuíomh idirlíne.

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e