« back Dícháilithe 2014
 

Dícháiliú Michael Bailey agus Thomas Bailey ar feadh seacht mbliain an 1ú Bealtaine 2014

Dé hAoine 6 Meitheamh 2014


Sonraí na Stiúrthóra:

Michael Bailey
Seoladh: Teach Ashfield, Baile Phaghain, An Uaimh, Contae An Mhí.

Thomas Bailey
Address: Culcommon, Baile an Bhóthair, Contae An Mhí.

Cuideachta: Bovale Developments
Uimhir Cuideachta: 98194
Oifig Cláraithe: 59 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.
Ionad Coinne: Ardchúirt Baile Átha Cliath
Breitheamh: An Breitheamh Mary Finlay Geoghegan

An Iarratas:

D'iarr abhcóide Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, ("an Stiúrthóir") ar an Ardchúirt le haghaidh ordú dícháilithe faoi bhun Alt 160(2) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 i gcoinne Michael Bailey agus Thomas Bailey, freagróirí sa chás seo.

Toradh:
An 21ú Deireadh Fómhair 2013, éisteadh an chás roimh an Breitheamh Finlay Geoghegan. An 9ú Nollaig 2013, thug an Chúirt an breithiúnas agus rinne sí Ordú de bhun Alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 (árna leasú), ag dícháiliú Michael Bailey agus Thomas Bailey ar feadh seacht mbliain, ó bheith ceapaitihe mar nó gníonh mar iniúchóir, stiúrthóir nó oifigeach eile, glacadóir‏, leachtaitheoir, no scrúdaitheoir nó bheith in aon slí cibé acu go díreach nó go hindíreach lena mbaineann nó ag glacadh páirte i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó chumann cláraithe faoi Achtanna um Chumainn Tionscail agus Coigiltis 1893 go 1978.

Bhac agus chuir ar atráth an Ardchúirt an t-Ordú dícháilithe ó am go ham, ag feitheamh ar éisteacht iarratais na freagróirí le haghaidh faoiseamh ón Órdú sin, faoi bhun Alt 160(8) d'Acht na gCuideachtaí, 1990.

An 1ú Bealtaine 2014, ag éisteacht iarratais na freagróirí le haghaidh faoiseamh, cuireadh i leataobh bac an Órdaithe a dhícháiligh na Freagróirí. Sa bhreis faoi bhun Alt Alt 160(8) den Acht sin, rinne an Chúirt Ordú, go gceadaítear na Freagróirí lean mar stiúrthóirí agus nó bheith bainteach i mbainistíocht Bovale Developments na Cuideachtaí luaite sa Sceideal thíos san áireamh, suas go dtí an 30ú lá Meán Fómhair 2014, ar an gcoinníoll go ceapfaí beirt stiúrthóirí sa bhreis dá laghad ar Bovale Developments agus ar gach Cuideacta ainmnithe sa Sceideal sin ar nó roimh an 20ú Iúil 2014. D'ordaigh an Chúirt freisin, go dtugtar na Freagróirí ceapacháin na stiúrthóirí breise sin don Stiúrthóir.

Feidhmíodh ar son an Stiúrthóir agus na Freagróirí ag gach uile éisteacht thuas roimh na Cúirte.

Tá Breithiúnas an 9ú Nollaig 2013 an Breitheamh Mary Finlay Geoghegan le fáil thíos (Béarla amháin).

SCEIDEAL CUIDEACHTAÍ
Lissenhall Demesne Properties Limited
Balheary Properties Limited
Charlestown Shopping Centre Management Company Limited
Charlestown Apartments Management Company Limited
Blackhall Green Homes Limited
Caslan Developments Limited
Bailey New Homes Limited
Sureford Limited
Heeleys View Management Company Limited
Ryehill Developments Limited
Sampan Concepts Limited

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e