« back Foirceannadh & Dóchmhainneachta 2003-2009
 

Maidir le Eurofood IFSC Limited agus maidir le hAcht na gCuideachtaí 1963 - 2003.

Dé Máirt 27 Iúil 2004


Maidir le Eurofood IFSC Limited agus maidir le hAcht na gCuideachtaí 1963 - 2003, Uimhir Thaifid Chúirte Uachtaraí, 147 / 04. Breithiúnas na Cúirte Uachtaraí agus Breithiúnas leithleach (d’aon ghuth) an Bhreithimh Fennelly ar thug sé uaidh an 27 Iúil 2004 ag éirí as achomharc a rinneadh de bharr Bhreithiúnas an Bhreithimh Kelly (ar thug sé uaidh an 23 Márta 2004) a bhain le hiarratas ar fhoircheanta, faoi Acht na gCuideachtaí 1963 go 2003, Eurofood IFSC Limited, fochuideachta faoi úinéireacht iomlán Parmalat SpA.

Ba é an cás seo (a raibh an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar dhuine de na Páirtithe Fógra ann) an chéad chás a tháinig os comhair na gcúirteanna Éireannacha inar tháinig ceisteanna chun uachtar a bhain le míniúchán an Rialachán Dócmhainneachta Eorpach (Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le hImeachtaí Dócmhainneachta) Mar a dhealraíonn sé sna Breithiúnais sin tá cinneadh déanta ag an gCúirt Uachtarach réamhrialú a lorg (de bhun Airteagail 234 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh) ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Na ceisteanna a chaithfear a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais tá siad sonraithe ar leathanach 24 de Bhreithiúnas na Cúirte

Ceangal Gaolmhara:

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e