« back Foirceannadh & Dóchmhainneachta 2003-2009
 

Maidir le Silken Construction Limited

Dé hAoine 21 Samhain 2003


Maidir le Silken Construction Limited – Is mian leis an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach (“an Stiúrthóir “) aird a tharraingt ar an mbreithiúnas a d'eisigh an Breitheamh Finlay Geoghegan san Ard-Chúirt an 14 Samhain 2003. 

Tar éis fíorais an cháis sin a bhreithniú chinn an Breitheamh Finlay Geoghegan go raibh stiúrthóir na cuideachta a bhí faoi réir iarratais faoi Alt 150 ag leanúint as 'tuarascáil faoi Alt 56' i dteideal Ordú Follasaithe de bhun Ordú 31 riail 12 maidir le forálacha na tuarascála faoi Alt 56 a chuirfeadh ar chumas an stiúrthóra feabhas a chur ar a gcás féin nó costais a shábháil agus cosaint á dhéanamh aige/aici ar iarratas faoi Alt 150 .i. freagraí ar cheisteanna 21 (má bhí sí freagartha) 22 agus 31 (lena n-áirítear bileoga faoi leith agus aguisíní don tuarascáil ina raibh freagra ar na ceisteanna sin). 

Ar bhonn an chinnte sin níl tada ag an Stiúrthóir in aghaidh an nochta dheonaigh do stiúrthóirí cuideachta (má tá an leachtaitheoir den tuairim go bhfuil sé cuí) de na freagraí ar cheist 21 ( má bhí sí freagartha), ar cheist 22 agus ar cheist 31 agus aon mheamram atá ceangailte leis an tuarascáil, a thabharfaidh freagraí ar na ceisteanna sin. Measann an Stiúrthóir áfach go mb'fhearr an chuid eile den tuarascáil a choinneáil faoi rún mura gcuireann an Ard-Chúirt a mhalairt de threoir in iúl i dtaca le cúinsí cáis faoi leith. 

Naisc ghaolmhara:
• Breithiúnas.
Ordú 31 riail 12 a ndéantar tagairt dó sa bhreithiúnas.

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e