« back Foirceannadh & Dóchmhainneachta 2003-2009
 

Chuir Paul Appelby, fáilte inniu roimh bhreithiúnas an European Court of Justice (ECJ) sa chás Eurofood.

Dé Máirt 2 Bealtaine 2006


Chuir Paul Appelby, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach fáilte inniu roimh bhreithiúnas an European Court of Justice (ECJ) sa chás Eurofood (Cás C-341/04). Bhain an cás le réiteach ar cheisteanna sonracha dlí maidir le léiriú ar Rialúchán Dócmhainneacht Trasteorann an AE - Rialúchán na Comhairle (CE) 1346/2000 ó 29 Bealtaine 2000. Chuir Cúirt Uachtarach na hÉireann na ceisteanna sin faoi bhráid an ECJ ar an mbonn gur theastaigh réamhrialaithe ón ECJ sula mbeadh an Chúirt Uachtarach in ann breithiúnas a thabhairt ar achomharc a rinneadh i gcoinne cheapachán leachtaitheoir ag Ard-Chúirt na hÉireann don chuideachta Éireannach Eurofood IFSC Teoranta. Rinne Enrico Bondi Riarthóir Urghnách atá ceaptha do Parmalatz SpA, cuideachta bia domhanda atá ionchorpraithe san Iodáil agus a bhfuil Eurofood ina fhochuideachta aige an t-achomharc sin. Ba é an argóint a bhí ag an uasal Bondi gur chóir tús áite a thabhairt do chinneadh na Cúirte Iodálaí ábhartha Eurofood a chur faoi riarachán urghnách.

  • Cliceáil anseo le haghaidh chóip an Phreasráitis agus Nóta Eagarthóra
  • Cliceáil anseo le haghaidh chóip bhreithiúnas an ECJ
  • Cliceáil anseo le haghaidh cóipe de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta

Féach an luath-théacs dátaithe 27 Iúil 2004 i bhFoirceannadh agus Dócmhainneacht le haghaidh breis eolais maidir le breithiúnais Ard-Chúirte agus Chúirte Uachtaraí na hÉireann.

Nasc Gaolmhar:
27 Iúil 2004 - Maidir le Eurofood IFSC Teoranta agus Maidir le hAchtanna na gCuideachtaí 1963 -  2003, Uimhir Thaifid na Cúirte Uachtaraí, 147 / 04.

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e