Sonraí na gCosantóirí
Patrick McCormack agus Josephine McCormack, Stiúrthóirí ar Cameo Company Limited,
Uimh. Chuideachta 161524.
Seoladh: 58 Coill Blundel, Éadan Doire, Contae Uíbh Fháilí.
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Éadan Doire
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche John Neilan
Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaítear sárú ar Alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil; ar Alt 119 d'Acht na gCuideachtaí 1963 a bhaineann le Clár Comhaltaí; ar Alt 60 d'Acht na gCuideachtaí 1990 a bhaineann le Clár Leasanna Stiúrthóirí/Rúnaithe i Scaireanna nó i mBintiúir na cuideachta.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh na Cosantóirí i ngach cúis. Gearradh fíneáil €800 ar Patrick McCormack maidir leis an gcion faoi Alt 202 agus fíneáil €100 maidir le gach ceann de na cionta faoi Alt 119 agus faoi Alt 60. Níor gearradh aon fíneálacha ar Josephine McCormack. Deonaíodh €208 chostais don ionchúisitheoir.