Cosaint Sonraí

COVID-19: Cosaint Sonraí agus Iarratais ar Rochtain ar Sonraí Pearsanta (IRSPanna)
9 Aibreán 2020
Tá bearta neamhghnácha á nglacadh chun tacú le seirbhísí poiblí atá faoi bhrú mór ag an am seo. Rinneadh go leor ball foirne sa roinn a ath-imlonnú chun tacú lenár gcomhghleacaithe i bpróisis inmheánacha criticiúla agus chun tacú le hobair go cianda comhlachtaí seirbhíse poiblí eile a bhfuil brú mór orthu ag an am seo.

Cé go bhfuil pleananna teagmhasacha déanta againn chun go n-oibreoidh an oiread dár bhfoireann go cianda, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag na socruithe seo ar amanna freagartha ár gceisteanna cosanta sonraí a d’fhéadfadh moill a chur orthu. Féadfar moill a chur ar fhreagairtí ar Iarrataí ar Rochtain ar Sonraí Pearsanta freisin.

Ba cheart láimhseáil ceisteanna ar chosaint sonraí ar mian le baill an phobail agus a n-ionadaithe iad a ardú linn trí r-phost amháin chuig: info@odce.ie.
Féadfar gearáin a ardú fós leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an “CCS”) ar shuíomh Gréasáin an DPC ag: info@odce.ie.

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na nósanna imeachta chun gearáin a ardú leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí a fháil ar suíomh gréasain an CCS.

Iarraimid go dtuigeann tú na deacrachtaí a thagann chun cinn agus smaoineamh ar staonadh ó iarratais a chur isteach go dtí go mbeidh an ghéarchéim seo caite.

Míle buíochas as do chomhoibriú ag an am seo agus leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht a cruthaíodh.


Mar rialtóir agus próiseálaí sonraí, tá an Oifig faoi réir an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018.  Tá Polasaí um Chosant Sonraí na hOifige le fáil i bhformád pdf.

Tá áitreabh na hOifige faoi chosaint ag CCTV agus foilsíodh ár bpolasaí maidir le húsáid TCI.

Tá do phríobháideacht faoi chosaint faoin reachtaíocht; b'fhéidir gur mhaith leat ár bPolasaí Príobháideachta a fheiceáil maidir le húsáid ár suíomh gréasáin.

SONRAÍ PEARSANTA A PHRÓISEÁIL
Oifigigh

Is é an rialaitheoir sonraí ná an Stiurthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach (Ian Drennan), agus is í a ionadaí chun críocha cosanta sonraí  ná Phil Flood (phil_flood@odce.ie, 01-8585816).  Toisc gur oifig na Roinne Ghnó, Fiontar agus Nuálaíochta é Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, is í an Oifigeach Cosanta Sonraí ná Celyna Coughlan sa Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (celyna.coughlan@dbei.gov.ie, 01-6312398).

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC