Sonraí an Chosantóra: 
The Ellis Tate Centre for The Arts Company Limited 
Uimhir Chuideachta: 252652 
Oifig Chláraithe: Damhros Mór, Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe 
Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Leitir Fraic 
Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche John Garavan 
Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Líomhnaítear gur sháraigh an cosantóir Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. 
Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an chuideachta ar dhá chúis a bhain leis na blianta airgeadais dar críoch 31 Iúil 2001 agus 31 Iúil 2002. Tar éis chineál carthanais na cuideachta agus tosca eile a chur san áireamh, ghearr an Breitheamh Garavan fíneálacha €100 ina iomláine móide costais €208.