Sonraí na gCosantóirí:                                                                                                                           Rake Street Limited. 
Uimhir Chuideachta: 238326 
Oifig Chláraithe: 41 Central Chambers, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. 
Ionad Coinne:Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath. 
Breitheamh: Breitheamh na Cúirte Dúiche Lucey 
Cion/Cionta a Líomhnaítear:                                                                                                          Líomhnaíodh gur sháraigh an cosantóir Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Cuireadh trí thoghairm faoi bhráid na Cúirte .i. ag clúdach na tréimhsí airgeadais go dtí 31.3.00; 31.3.01 agus 31.3.02 faoi seach. 
Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an chuideachta i ngach cúis agus ghearr fíneálacha €1,500 ina iomláine ar an gcuideachta móide costais charnacha €208.