« back Ionchúiseamh 2003
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Adelphi Taverns Limited. Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Eugene Toolis. An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinn

Dé Máirt 25 Feabhra 2003


Sonraí na gCosantóirí: 
Adelphi Taverns Limited 

Uimhir Chuideachta: 146080 

Oifig Chláraithe: 30 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath 8. 

Eugene Toolis 

Seoladh: 21 Sráid Emer, Baile Átha Cliath 8 

Mary Toolis 

Seoladh: 11 Bóthar Cherryfield, Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche P. McDonnell 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Líomhnaíodh i ngach cás gur sháraigh na cosantóirí Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. 

Toradh: 
Phléadáil gach duine de na cosantóirí ciontach os comhair na Cúirte. Ghearr an Chúirt fíneálacha €1,000 ina iomláine ar an gcuideachta; €500 ar Eugene Toolis agus €150 ar Mary Toolis. De bhreis air sin, ordaíodh do Eugene Toolis costais ionchúisitheora €208.73 a íoc; €825 + CBL maidir le táillí Abhcóide agus caiteachas fhinné an Abhcóide €750+CBL.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e