Ionchúiseamh 2004

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh John Ralph

Dé Céadaoin 16 Meitheamh 2004


Sonraí an Chosantóra:
John Ralph, Bóthar Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, County Mhaigh Eo 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, Caisleán an Bharraigh 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Mary Devins 

Na Cionta a Líomhnaíodh:
Mar stiúrthóir ar Coast to Coast Couriers Limited, Uimh. Chuideachta 307637 (Faoi Leachtú) líomhnaíodh i leith an chosantóra:

  • gur sháraigh sé alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 ina bhfuil sé de cheangal ar stiúrthóirí cuideachta gach beart réasúnta a dhéanamh chun géilliúntas na cuideachta a shocrú i leith an cheanglais socruithe a dhéanamh le go gcoinneofaí leabhair chuí chuntas;
  • gur sháraigh sé alt 293(1)(c) d’Acht na gCuideachtaí 1963 a cheanglaíonn ar oifigeach cuideachtaí faoi leachtú na leabhair agus na páipéir uile atá faoina chúram nó faoina smacht ar leis an chuideachta iad agus a bhfuil sé faoi réir ceangal dlí a dtabhairt ar airde a sheachadadh don leachtaitheoir nó de réir mar a ordaíonn an leachtaitheoir;
  • agus go ndearna sé mainneachtain gan tuairisceán bliantúil a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí .i. Tuairisceán Bliantúil don bhliain ar chríoch di an 31/12/00 ina mbeadh inter alia clár na gcomhaltaí, na scaireanna agus na mbintiúr, rud atá contrártha le halt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú). 

Toradh:
Rinne an Breitheamh Devins breithiúnas scríofa ar féidir a fheiceáil ina iomláine ach cliceáil anseo. 

Caitheadh amach na cúiseanna faoi alt 202 agus alt 293 d’Acht na gCuideachtaí 1990 le costais agus le costais finnéithe. 

Tar éis pléadáil chiontach don chúis a bhain le halt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú) i ndáil leis an mbliain ar chríoch di an 31.12.00 ciontaíodh an cosantóir agus gearradh fíneáil de €100 air. Tarraingíodh siar a leithéid eile de chúis a bhain leis an mbliain ar chríoch di 31/12/01.

Theme picker

New Publication:

Single Guide for Companies 
Email info@odce.ie for a copy

Please visit FAQs before contacting the office

Covid-19 and AGMs

Rialuithe Cúirte

Theme picker

COVID-19 NOTICES
Temporary contact details
Insolvency related issues
Data Protection issues
Statement on the performance of our functions
Temporary amendments to Companies Act 2014
(extended to 30th April 2022)

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC