« back Ionchúiseamh 2004
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh Altrux Limited

Déardaoin 13 Bealtaine 2004


Sonraí na gCosantóirí:
Altrux Limited 

Uimhir chuideachta:
254988 

Oifig Chláraithe:                                                                                                                                          1 Cois na Coille, Maigh Rua, Co. Luimnigh
Marie Whelan 1 Cois na Coille, Maigh Rua, Co. Luimnigh
Anthony Whelan 1 Cois na Coille, Maigh Rua, Co. Luimnigh 

Ionad Coinne:
Cúirt Dhúiche, Luimneach 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Tom O’Donnell 

Na Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaíodh gur sháraigh na cosantóirí Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil agus líomhnaíodh de bhreis chomh fada is a bhaineann sé leis an dá bhliain ar chríoch dóibh 31 Nollaig 2000 agus 31 Nollaig 2001 gur sháraigh Marie Whelan agus Anthony Whelan Alt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 ina bhfuil sé de cheangal Tuairisceán Bliantúil a chlárú. 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an Chuideachta agus ghearr fíneálacha de €500 agus dhámh costais de €223 don ionchúisitheoir agus costais de €200 do na finnéithe. 

Ina theannta sin, tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt Marie Whelan and Anthony Whelan maidir le sárú Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus maidir le sárú amháin i leith Alt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963. Gearradh fíneálacha de €500 ina iomláine ar gach duine acu agus ordaíodh do gach duine acu costais de €357 a íoc don ionchúisitheoir freisin. 

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e