« back Ionchúiseamh 2004
 

1. An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh Aidan Berrill, Thomas Denis Garry, agus James Joseph Kiernan, Berrill Kiernan Garry & Co.

Déardaoin 13 Bealtaine 2004


Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, limistéir Dhún Léire, Teach Cúirte Bhaile Átha Fhirdhia, Co. Lú 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Brennan 

Cion/Cionta a Líomhnaítear:
(1) Cúisíodh Aidan Berrill, Thomas Denis Garry, agus James Joseph Kiernan a bhí ag chleachtadh sa ghnóthas Berrill Kiernan Garry & Co. i ngníomhú mar iniúchóirí do Garvarnie Limited sna blianta airgeadais 31.10.98 agus 31.10.99 a fhad is a bhí siad dícháilithe de bhun Ailt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990, rud a atá contrártha le hAlt 187(6) agus 187(9) d’Acht na gCuideachtaí 1990. 

(2) Cúisíodh James Joseph Kiernan, a bhí ag chleachtadh sa ghnóthas Berrill Kiernan Garry & Co. [féach Alt 4(1) d’Acht na gCuideachtaí, 1990 (Iniúchóirí) Rialacháin 1992, I.R. UImh. 259 de 1992], maidir le iniúchtaí na gcuideachtaí a leanas:

  • Classic Catering Services Limited le haghaidh na mblianta airgeadais ar chríoch dóibh 31.12.99; 31.12.00 agus 31.12.01;
  • Capital Re-Investment Limited le haghaidh na mblianta airgeadais ar chríoch dóibh 31.5.00; 31.5.01 agus 31.5.02;
  • Malta Enterprise Development Limited le haghaidh na mblianta airgeadais ar chríoch dóibh 31.12.99; 31.12.00 agus 31.12.01; agus
  • Order of Malta Workshops and Training Centre (Drogheda) Limited le haghaidh na mblianta airgeadais ar chríoch dóibh 31.12.99; 31.12.00 agus 31.12.01 a fhad is a bhí sé dícháilithe faoi Alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990, rud atá contrártha le hAlt 187(6) agus 187(9) d’Acht na gCuideachtaí 1990. 

Toradh:
Níor chuir na cosantóirí a raibh John Edwards, S.C. ag feidhmiú ar a son i gcoinne na gcúiseanna. Shíl an Chúirt na cúiseanna a bheith cruthaithe, chaith amach iad ( faoi Alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907 ) bunaithe ar imthosca maolaitheacha agus ar charachtar na gcosantóirí agus dhámh costais de €670 don ionchúisitheoir. 
 

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e