« back Ionchúiseamh 2004
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh Sean Gannon

Déardaoin 18 Márta 2004


Sonraí an Chosantóra:
Sean Gannon, 8 Millford, Áth Garbháin, Droichead Nua, Co. Chill Dara 

Ionad Coinne:
Cúirt Dhúiche, An Nás 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Murrough Connellan 

Na Cionta a Líomhnaítear:                                                                                                                    Sárú alt 297(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú) – trádáil chalaoiseach 

Sárú alt 202(10) d’Acht na gCuideachtaí 1990 – mainneachtain leabhair chuí chuntas a choinneáil 

Sárú alt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú) – mainneachtain tuairisceán bliantúil a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí 

Bhain na trí chúis leis an gcúram a bhí ag an Uasal Gannon mar stiúrthóir ar Corran Building Services Ltd (Faoi Leachtú) 

Toradh:
Phléadáil an tUasal Gannon ciontach i leith gach ceann de na trí chúis sa mhí atá thart agus coinníodh siar faoi bhannaí é. Gearradh ar an dáta luaite thuas dhá théarma príosúnachta chomhthráthacha de sé mhí air (curtha ar fionraí ar feadh dhá mhí déag) maidir le cúiseanna i leith trádáil chalaoiseach agus le mainneachtain leabhair chuntas chuí a choinneáil. Cuireadh faoi bhannaí ar a bhanna féin de €250 é ar feadh tréimhse dhá mhí déag. 

Nóta:
An 18 Márta 2004 d’eisigh an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach preasráiteas a bhain leis an gcás seo. 

 

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e