« back Ionchúiseamh 2004
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh Shane Bowe

Dé hAoine 6 Feabhra 2004


Sonraí an Chosantóra:
Shane Bowe
Capponellan, Darú, Co. Laoise 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Phort Laoise 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, David Anderson 

Na Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaítear sárú Alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990 (arna leasú) a chineann na cúinsí ina mbíonn daoine cáilithe ó thaobh an dlí le gníomhú mar Iniúchóirí. Sa chás seo líomhnaíodh gur ghníomhaigh Shane Bowe mar Iniúchóir i leith trí chuideachta faoi leith cé nach raibh sé cáilithe le haghaidh sin; líomhnaíodh freisin sárú Alt 242(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 a bhaineann le soláthar faisnéise bréagaí. 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach maidir le cúis amháin a bhain le sárú Alt 187(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 chiontaigh an chúirt Shane Bowe agus ghearr fíneáil de €500 air. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le trí chúis faoi leith a bhain le sárú Alt 187(12) (a) d’Acht na gCuideachtaí 1990 ar cuireadh isteach le hAlt 72 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001 chiontaigh an chúirt Shane Bowe agus ghearr fíneáil de €1500 ina iomláine air. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le trí chúis faoi leith a bhain le sárú Alt 242(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 chiontaigh an chúirt Shane Bowe agus ghearr fíneáil de €1500 ina iomláine air agus dhámh costais de €750 don ionchúisitheoir

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e