Sonraí na gCosantóirí:
Tony (a.k.a. Anthony) McGreevey agus Conor McGreevey
Seoladh:
Petitswood Manor, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, An Muileann gCearr.
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Neilan
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh na cosantóirí i sárú ar alt 183 (1) d'Acht na gCuideachtaí 1963 nuair a ghníomhaigh siad mar stiúrthóirí ar Covert Inns Limited ar feadh na tréimhse 22 Bealtaine, 2003 go dtí 25 Feabhra 2005 le linn bheith ina bhféimhigh neamhurscaoilte de réir bhrí Alt 2(1) d'Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú).
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh na cosantóirí agus gearradh fíneáil €750 ar gach duine acu. De bhreis air sin ordaíodh dóibh €1,000 a íoc chuig costais an ionchúisimh. Tugadh faoi deara sa Chúirt, tar éis a gciontaithe i gcion faoi Alt 183(1)d'Acht na gCuideachtaí 1963, go meastar Tony (a.k.a. Anthony) McGreevey agus Conor McGreevey, de bhun Alt 183(2) den Acht céanna bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is é iarmhairt na forála sin go bhfuil an bheirt duine aonair sin dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 17 Samhain 2005.