« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Caljo Manufacturing Limited AGUS Joseph Callan AGUS Linda Callan.

Dé Máirt 20 Nollaig 2005


Sonraí na gCosantóirí: 
Caljo Manufacturing Limited 

Uimhir Chuideachta: 182656 

Oifig Chláraithe: 8 Ardán Naomh Séamas, Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath. 

Joseph Callan Agus Linda Callan 

Seoladh: 
An bheirt ó Páirc San Aindrias, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Sord 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brady 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gcion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2002. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais go dtí 31 Nollaig 2002 agus ghearr fíneálacha €750 ar gach duine acu. Ina theannta sin d’ordaigh an chúirt do na cosantóirí costais ionchúisitheora €750 a íoc.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e