« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh William Coleman.

Dé Céadaoin 2 Márta 2005


Sonraí an Chosantóra:
William Coleman

Seoladh: “Santa Maria”, Bóthar Scart, Castletreasure, Dúglas, Corcaigh 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, Corcaigh. 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Riordan 

Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir i sárú Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Douglas Community Association Limited ar feadh na tréimhse idir 25 Aibreán 2001agus 2 Márta 2005 a fhad is a bhí sé faoi réir shrianadh na hArd-Chúirte de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na coinníollacha maidir le gníomhú mar stiúrthóir cuideachta ar bhonn leanúnach atá forordaithe san Acht a urramú 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh William Coleman, gearradh fíneáil de €1000 air agus ordaíodh dó costais iomchúisimh de €233 a íoc. Nótáil an chúirt tar éis dó bheith ciontaithe i gcion faoi Alt 161 d’Acht na gCuideachtaí 1990 go meastar William Coleman, de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, a bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is í éifeacht na forála sin go bhfuil William Coleman dícháilithe maidir le bheith i mbun cúram oifige stiúrthóra ar aon chuideachta atá cláraithe sa Stát ar feadh tréimhse 3 bliana ag tosú 2 Márta 2005.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e