Sonraí na gCosantóirí:
Terence Doorley
Agus
Susan Doorley
Seoladh:
An bheirt acu ó Theach an Reachtaire, Muinchille, Co. An Chabháin
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Dhroichead Átha
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brennan
Na Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh na cosantóirí as sárú alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóirí ar Doorley Restorations Limited, Uimh. Chuid. 358850, le linn bheith faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na coinníollacha atá forordaithe san Acht maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta a urramú
Toradh:
Tar éis phleadáil chiontach na gcosantóirí, shíl an Chúirt an cás a bheith cruthaithe, chaith siad amach na cúiseanna ( faoi Alt 1 (1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) agus dhámh costais €300 don ionchúisitheoir.