Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Watkin
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gcion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais dar críoch 30 Meitheamh 2003.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais go dtí 30 Meitheamh 2003 agus ghearr fíneáil €200 ar an gcuideachta agus fíneáil €200 ar Stiúrthóir amháin. Gearradh fíneáil €50 ar an dara Stiúrthóir agus ordaíodh di €200 de chostais an ionchúisimh a íoc.