« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne John Francis Xavier O’Brien

Déardaoin 2 Márta 2006


Sonraí an Chosantóra: 
John Francis Xavier O’Brien, Teach Barnabrow, Mainistir na Corann, Co Chorcaí 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Mhainistir na Corann 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Pattwell 

Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir faoi alt 161(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990 ("Acht na bliana 1990") a shárú trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Barnabrow Cottages Limited, Uimhir Chuideachta 369519, agus Self Build Planning Services Limited, Uimhir Chuideachta 377456 le linn bheith faoi réir ordú dícháilíochta measta. De bhun Alt 160(1A) d'Acht na bliana 1990 (arna chur isteach ag Alt 42 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001) feidhmíonn ordú dícháilíochta measta nuair a mhainníonn duine, tar éis a cheapachán ar chuideachta Éireannach, dícháiliú i ndlínse eile a chlárú leis an OCC (Oifig um Chlárú Cuideachtaí). Bhí an cosantóir dícháilithe i Sasana agus sa Bhreatain Bheag roinnt blianta ó shin ar feadh tréimhse 7 bliana de bhua Orduithe a rinne Southwark Crown Court an 11 Feabhra 2000 in imeachtaí dar theideal, “Regina –V- John Francis Xavier O’Brien”. 

Toradh: 
Phléadáil an cosantóir neamhchiontach agus dá bhrí sin éisteadh leis an dá chúis ina n-iomláine. Chiontaigh an Chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,900 air maidir le gach cúis agus d'ordaigh dó suim airgid de €1,000 a íoc chuig chostais an ionchúisimh. D'ordaigh an Chúirt freisin síneadh a chur le dícháiliú an chosantóra maidir le gníomhú mar stiúrthóir chuideachta sa Stáit go dtí 1 Eanáir 2008, de bhun alt 161(3) d'Acht na bliana 1990. 

Tá an cás iomlán faoi achomharc faoi láthair trí bhíthin cáis atá curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte. 

**Nóta: Maidir leis seo tá achomhairc déanta ag an gCosantóir, trí chás atá curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte; dá bharr sin tá an ciontú agus an dícháiliú a lean as go dtí an 1 Eanáir 2008 curtha ar cheal ag feitheamh ar thoradh chás na hArd-Chúirte.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e