Sonraí an Chosantóra: 
Intrum Justitia Ireland Limited 
Urlár na Talún, 
Bloc 20A, 
Páirc Ghnó Parkwest, 
Gallanstown, 
Co. Bhaile Átha Cliath 
Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 
Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Collins. 
Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir in dhá chúis a bhain le sárú ar alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990, a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil maidir leis an tréimhse airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2002 agus an 31 Nollaig 2003. 
Toradh: 
Níor chuir an cosantóir i gcoinne na gcúiseamh. Shíl an Chúirt an cás a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna (faoi Alt 1 (1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) ar an gcoinníoll go n-íocfadh an cosantóir ranníoc €1,000 le carthanas agus go n-íocfaí €300 de chostais leis an ionchúisitheoir.