« back Ionchúiseamh 2019
 

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcoinne Sean O'Neill

Dé hAoine 29 Samhain 2019


Tar éis imscrúdaithe a rinne Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, cuireadh comhad isteach agus fuarthas treoir faoi mhuirear ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Gabhadh Iniúchóir Sean O'Neill, an 24 Iúil 2019, agus cúisíodh 23 gcinn de ghoid, Contrártha le hAlt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001. Bhain na cionta le goid €28,520 de mhaoin an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ar an 1 Samhain 2019 phléadáil an cosantóir ciontach i ndíotáil aonair i leith Gadaíochta contrártha d'Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gadaíocht agus Calaois) 2001 roimh Chúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Thug an Bleachtaire Garda Miriam Redican, comhalta den Gharda Síochána agus oifigeach OSFC fianaise ar fhíorais an cháis. Ar an 28 Samhain 2019 bhí an cheist os comhair Chúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath agus chuir an Breitheamh Martin Nolan pianbhreith príosúnachta 24 mí ar an gcosantóir, cuireadh na 19 mí deiridh ar fionraí ar choinníollacha áirithe, lena n-áirítear an gá €18,000 a aisíoc leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e