« back Cumhachtaí
 

Tugann an rannóg a leanas forléargas ar chumhachtaí príomha creidiúnaithe agus iad ag déileáil le cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Le haghaidh breis sonraí, breathnaigh le do thoil ar Leabhar Eolais an OSFC "The Principal Duties and Powers of Creditors" ar féidir é a íoschóipeáil faoin rannóg "Naisc Ghaolmhara" ag bun an leathanaigh seo.

Creidiúnaí
Is é is creidiúnaí cuideachta ann duine nó cuideachta a bhfuil fiacha amuigh aige/aici ar an gcuideachta. I dtéarmaí ginearálta tá dhá chineál chreidiúnaí ann, mar atá;

  • Creidiúnaí urraithe Is é is creidiúnaí ann duine a bhfuil a f(h)iacha urraithe ar cheann amháin nó níos mó de shóchmhainní na cuideachta.
  • Creidiúnaí neamhurraithe Níl fiacha creidiúnaí neamhurraithe urraithe ar aon cheann de shócmhainní na cuideachta. 


Cumhachtaí Creidiúnaithe
Is é an chumhacht is suntasaí atá ag creidiúnaithe faoi Achtanna na gCuideachtaí a iarraidh go gcuirfí an chuideachta faoi leachtú. De bhreis ar leachtú agus ar ghlacadóireacht, tá cumhachtaí éagsúla eile ag creidiúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar mhainneachtainí maidir le hoibriúchán na cuideachta:

  • An chumhacht leachtaitheoir a cheapadh;
  • An chumhacht glacadóir a cheapadh;
  • An chumhacht a iarraidh go gceapfaí scrúdaitheoir;
  • An chumhacht breithiúnais chúirte a iarraidh maidir le fiacha amuigh;
  • Cumhacht nuair is ann do mhainneachtain;
  • An chumhacht a iarraidh go ndéanfaí imscrúdú ar an gcuideachta;
  • Cumhacht nuair nach bhfuil cuideachta faoi leachtú;
  • An chumhacht a iarraidh go gcuirfí an chuideachta ar ais ar Chlár na gCuideachtaí;


Naisc ghaolmhara:



Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e