« back Freagrachtaí
 
Tugann an rannóg a leanas forléargas ar fhreagrachtaí agus ar dhualgais phríomha scairshealbhóirí faoi Achtanna na gCuideachtaí faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Le haghaidh breis sonraí, breathnaigh le do thoil ar Leabhar Eolais an OSFC "The Principal Duties and Powers of Members and Shareholders" ar féidir é a íoschóipeáil faoin rannóg "Naisc Ghaolmhara" ag bun an leathanaigh seo.

Dualgais Chomhaltaí agus Scairshealbhóirí

Is é an príomhdhualgas atá ag comhalta atá ina scairshealbhóir i gcuideachta faoi dhliteanas teoranta le scairchaipitil aon suim airgid fós gan íoc de phraghas ceannaithe comhaontaithe na scaireanna atá curtha i leataobh dó/di a íoc. Beidh an tsuim sin iníoctha nuair a ghlaonn an chuideachta ar airgeadú nó, i gcúinsí a bhforáiltear téarmaí eisithe na scaireanna d'íoc na dtráthchoda, ar dháta an íoca. Beidh scairshealbhóirí i gcuideachta le dliteanas neamhtheoranta faoi dhliteanas gan teorainn i leith fiacha na cuideachta nuair is dócmhainneach di .i. nuair nach bhfuil sí in ann íoc as a fiacha.

Déanfaidh léitheoirí tagairt do Leabhar Eolais 1 a dhéileálann le Cuideachtaí má tá breis eolais uathu maidir le dliteanas teoranta nó neamhtheoranta agus le scairchaipiteal.

Naisc Ghaolmhara:



Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e