« back Feidhmeanna an Stiúrthóra
 




Géilliúntas

Géilliúntas Ceann de na feidhmeanna tábhachtacha atá ag an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach is ea géilliúntas i leith cheanglais Achtanna na gCuideachtaí a spreagadh. Comhlíonann an Stiúrthóir agus an fhoireann an dualgas sin trí bhuntáistí géilliúntais agus iarmhairtí neamhghéilliúntais i leith an dlí a insint ós comhair an tsaoil. Áirítear ar na straitéisí a mbaintear úsáid astu:

  • cur i láthair poiblí maidir le OSFC, mar shampla ó thaobh cumhachtaí agus feidhmeanna de;
  • foilsiú eolais via na meán clóite agus leictreonacha faoi na dualgais agus faoi na cumhachtaí dlí atá ann de réir dlí cuideachta na hÉireann;
  • dul i gcomhchomhairle le comhlachtaí agus le páirtithe leasmhara gairmiúla chun aontú ball dá gcuid le ceanglais an dlí a dhaingniú;
  • plé a dhéanamh leis an Rialtas agus le páirtithe eile de réir mar a theastaíonn chun freastal don Stiúrthóir agus chun tacú leis sa ról atá aige maidir le géilliúntas.

Forfheidhmiú

Tá feidhm an Stiúrthóra maidir le fiosrúchán agus le forfheidhmiú leathan go leor. Is sna réimsí seo a leanas is mó atá cumhacht aige ó thaobh an dlí:

  • fiosrúcháin a thionscnamh chun fíricí i leith cuideachtaí a thabhairt chun solais;
  • daoine a ionchúiseamh sa chás go bhfuiltear amhrasach go bhfuil Achtanna na gCuideachta á sárú acu;
  • maoirsiú a dhéanamh ar chuideachtaí faoi leachtú oifigiúil agus deonach agus ar chuideachtaí dócmhainneacha neamhleachtaithe;
  • srianta a chur ar stiúrthóirí agus ar oifigigh eile cuideachta agus a ndícháiliú;
  • maoirsiú leachtaitheoirí agus ghlacadóirí agus
  • féimhigh neamhurscaoilte a bhíonn ag gníomhú mar oifigigh chuideachta a rialú.


Tá cur síos níos mine faoi chumhachtaí agus faoi fheidhmeanna an Stiúrthóirí ar fáil san Aguisín a théann le foilseachán dár gcuid, "Introduction to the ODCE" ar féidir é a íosluchtáil i bhformáid pdf.


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e