« back Foirm Gearraín
 

Is í an aidhm atá leis an bhfoirm seo ná cabhair a thabhairt duit sáruithe Achtanna na gComhlachtaí, a d'fhéadfadh comhlachtaí, stiúrthóirí comhlachtaí nó daoine eile a dhéanamh, a aithint. Leagtar amach an cineál eolais a mbeadh uainn chun gearrán a mheasúnú mar is cuí. Má tá eolas mar sin agat, ba chóir duit an Fhorim seo a líonadh agus í a sheoladh chugainn maraon le haon fhianaise doiciméadach eile a thacaíonn do do ghearrán, chuig an seoladh ar leathanach teagmhála OSFC. Cé gur féidir gearrán gan ainm a sheoladh chugainn, tá an ceart ag an OSFC gan plé le gearrán dá chineál. Má thograíonn tú do chuid sonraí a thabhairt dúinn, tá iachall dlíthiúil ar an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus ar a fhoireann aon eolas a fhaightear a choinneáil faoi rún.

Agus tú ag tabhairt cuairte ar ár suíomh gréasáin nó ag úsáid ceann dár bhfoirmeacha, féadfaidh tú, cé nach gá i gcónaí é, Sonraí Pearsanta a sholáthar. Tá do phríobháideachas tábhachtach dúinn agus táimid tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint.

Tá gach faisnéis a bhaineann le sainchúram reachtúil na hOifige faoi réir dualgais reachtúla rúndachta faoi Acht na gCuideachtaí (a. 956) chomh maith leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Déanaimid iarracht slándáil, príobháideachas, cruinneas, agus rúndacht na sonraí uile (go háirithe do Shonraí Pearsanta) a bhailímid, a rialaíonn agus a phróiseálann muid.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach ar bhealach atá ag teacht lenár n-oibleagáidí agus do chearta faoin dlí (m.sh. Achtanna na gCuideachtaí, an RGCS agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí).

Sula soláthraíonn tú aon cheann de do Shonraí Pearsanta, b'fhéidir gur mhaith leat ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.

Níl an OSFC freagrach as ábhar nó as cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile a fhéadann tú teacht orthu trí naisc sheachtracha ar an suíomh gréasáin seo. Aithnítear go soiléir aon naisc dá leithéid.

ÍOSLÓDÁIL AN FOIRM GEARÁIN
 


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e