« back Foirm Tuarascáil Leachtaitheoirí
 

De bhun alt 56(1) d'Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachtaí 2001 bhí ar leachtaitheoirí foirm a chomhlánú agus í a chur isteach.  Forordaíodh an foirm seo faoi I.R. Uimh. 324 de 2002,  Rialacháin Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachtaí (Alt 56) 2002.

An 1ú Meitheamh 2015, aisghaireadh alt 56(1) d'Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachtaí, 2001 agus tháinig Alt 682 d'Acht na gCuideachtaí 2014 in a ionad.

Dá réir sin, de bhun alt 682(1) d'Acht na gCuideachtaí 2014 tá ar leachtaitheoirí anois foirm chomhchosúil a chomhlánú agus í a chur isteach.  Forordaíodh an foirm seo faoi I.R. Uimh. 221 de 2015, Rialacháin Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachtaí (Alt 682) 2015.

Sa thuairisc nua seo, iarrtar ar leachtaitheoirí a cheangal leis a dTuairisc cóip de Ráiteas Ioncaim na mBailiúchán agus Íocaíochtaí a eisíodh chucu ar a gceapachán mar leachtaitheoir.  Mura ceanglaíodh an foirm, ní mór dóibh a lua cén fáth.

Ní mór an foirm nua a úsáid maidir le gach tuairisc a cuirtear isteach ar nó tar éis an 1 Meitheamh 2015.  Is féidir an Foirm Tuarascáil Alt 682 a íoslódáil i bhformáid Word agus tá sí ar fáil i bhformaid Pdf freisin, ach iad as béarla amháin go dti go bhfuil aistriúchán oifigiúil le fail.

Nasc ghaolmhara:
Fógraí Cinnidh a d'eisigh an OSFC

Agus tú ag tabhairt cuairte ar ár suíomh gréasáin nó ag úsáid ceann dár bhfoirmeacha, féadfaidh tú, cé nach gá i gcónaí é, Sonraí Pearsanta a sholáthar. Tá do phríobháideachas tábhachtach dúinn agus táimid tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint.

Tá gach faisnéis a bhaineann le sainchúram reachtúil na hOifige faoi réir dualgais reachtúla rúndachta faoi Acht na gCuideachtaí (a. 956) chomh maith leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Déanaimid iarracht slándáil, príobháideachas, cruinneas, agus rúndacht na sonraí uile (go háirithe do Shonraí Pearsanta) a bhailímid, a rialaíonn agus a phróiseálann muid.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach ar bhealach atá ag teacht lenár n-oibleagáidí agus do chearta faoin dlí (m.sh. Achtanna na gCuideachtaí, an RGCS agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí).

Sula soláthraíonn tú aon cheann de do Shonraí Pearsanta, b'fhéidir gur mhaith leat ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.

Níl an OSFC freagrach as ábhar nó as cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile a fhéadann tú teacht orthu trí naisc sheachtracha ar an suíomh gréasáin seo. Aithnítear go soiléir aon naisc dá leithéid.


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e