Sonraí na gCosantóirí:
Adelphi Taverns Limited
Uimhir Chuideachta: 146080
Oifig Chláraithe: 30 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath 8.
Eugene Toolis
Seoladh: 21 Sráid Emer, Baile Átha Cliath 8
Mary Toolis
Seoladh: 11 Bóthar Cherryfield, Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche P. McDonnell
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaíodh i ngach cás gur sháraigh na cosantóirí Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil.
Toradh:
Phléadáil gach duine de na cosantóirí ciontach os comhair na Cúirte. Ghearr an Chúirt fíneálacha €1,000 ina iomláine ar an gcuideachta; €500 ar Eugene Toolis agus €150 ar Mary Toolis. De bhreis air sin, ordaíodh do Eugene Toolis costais ionchúisitheora €208.73 a íoc; €825 + CBL maidir le táillí Abhcóide agus caiteachas fhinné an Abhcóide €750+CBL.