Sonraí na gCosantóirí:
Horgan And O’Sullivan Limited
Uimhir Chuideachta: 117664
Oifig Chláraithe: Rooska, Beanntraí, Co. Chorcaí.
Martin O’Sullivan Agus Noel Horgan
Seoladh: Rooska, Beanntraí, Co. Chorcaí.
Ionad Coinne: Cúirt Dúiche Bheanntraí.
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche McNulty.
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gceithre chion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis na blianta airgeadais dar críoch 30 Aibreán 2001; 30 Aibreán 2002; 30 Aibreán 2003 agus 30 Aibreán 2004.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais go dtí 30 Aibreán 2001 agus ghearr fíneálacha €500 ar gach duine acu. Ina theannta sin d’ordaigh an chúirt do na cosantóirí costais ionchúisitheora €1,000 a íoc. Cuireadh san áireamh na cúisimh uile eile a bhí curtha faoi bhráid na cúirte.