Freagrachtaí

Soláthraíonn an rannóg a leanas forléargas ar fhreagrachtaí agus ar dhualgais phríomha leachtaitheoirí, ghlacadóirí agus scrúdaitheoirí. Tá fáil ar shonraí freagrachtaí iomlána dá gcuid faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar i Leabhar Eolais an OSFC "The Principal Duties and Powers of Liquidators, Receivers and Examiners" ar féidir é a íoschóipeáil faoin rannóg "Naisc Ghaolmhara" ag deireadh an leathanaigh seo.

Leachtaitheoirí Is leachtaitheoir duine a stiúrann leachtú nó foirceannadh. Tá na príomhfhorálacha reachtúla a bhaineann le leachtaitheoirí leagtha amach i gCuid VI d'Acht na gCuideachtaí, 1963, i gCuid VI d'Acht na gCuideachtaí, 1990 agus i gCuid 5 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

Príomhdhualgais Leachtaitheoirí Is ionann na feidhmeanna ginearálta atá ag leachtaitheoirí deonacha agus ag leachtaitheoirí atá ainmnithe ag an gCúirt (oifigiúil) .i.:

  • cúrsaí na cuideachta a fhiosrú; 
  • a sóchmhainní a réadú; 
  • a fiacha a íoc, agus; 
  • aon farasbarr a roinnt ar na comhaltaí.


Glacadóirí

Is duine é glacadóir atá ainmnithe de bhun bintiúir (comhaontas iasachta) nó ordú Cúirte, arb é a phríomhchúram stiúir a fháil ar na sóchmhainní sin de chuid na cuideachta atá faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear ag an gcuideachta i bhfábhar sealbhóir bintiúir (iasachtóir), na sóchmhainní sin a dhíol agus feidhm a bhaint as na fáltais chun na fiacha atá amuigh ag an sealbhóir bintiúir a ghlanadh.

Tá na príomhfhorálacha reachtúla a bhaineann le glacadóirí leagtha amach i gCuid VII d'Acht na gCuideachtaí, 1963 agus i gCuid VIII d'Acht na gCuideachtaí, 1990.

Scrúdaitheoirí

Is duine é scrúdaitheoir atá ceaptha ag an gCúirt do chuideachta, a dhéanann measúnú ar chuideachta atá curtha faoi "scrúdaitheoireacht" agus más féidir, a ullmhaíonn plean chun an chuideachta, a gnóthais nó codanna substainteacha díobh a tharrtháil.

Tá na príomhfhorálacha reachtúla a bhaineann le scrúdaitheoirí leagtha amach in Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990, i gCuid IX d'Acht na gCuideachtaí, 1990 agus i gCuid II d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2), 1999.

Naisc Ghaolmhara:



Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC