« back Foirm Aischothú
 

Cuirimid fáilte ar barúlacha maidir lenár seirbhísí, lena n-áirítear iad siúd ar fáil ag an suíomh gréasáin seo. Thig leat chun comhairle a thabhairt dúinn maidir le do cheist trí úsáide a baint as an bhFoirm Aiseolais thíos a beimid ag tabhairt san áireamh in aon fhorbairt amach anseo ar ár gcuid seirbhísí.

Scrúdóimid na moltaí seo mar chuid dár gclár forbairt leanúnach na hOifige.

Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir linn freagairt díreach a thabhairt duit mura soláthraíonn tú sonraí teagmhála.

Agus tú ag tabhairt cuairte ar ár suíomh gréasáin nó ag úsáid ceann dár bhfoirmeacha, féadfaidh tú, cé nach gá i gcónaí é, Sonraí Pearsanta a sholáthar. Tá do phríobháideachas tábhachtach dúinn agus táimid tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint.

Tá gach faisnéis a bhaineann le sainchúram reachtúil na hOifige faoi réir dualgais reachtúla rúndachta faoi Acht na gCuideachtaí (a. 956) chomh maith leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Déanaimid iarracht slándáil, príobháideachas, cruinneas, agus rúndacht na sonraí uile (go háirithe do Shonraí Pearsanta) a bhailímid, a rialaíonn agus a phróiseálann muid.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach ar bhealach atá ag teacht lenár n-oibleagáidí agus do chearta faoin dlí (m.sh. Achtanna na gCuideachtaí, an RGCS agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí).

Sula soláthraíonn tú aon cheann de do Shonraí Pearsanta, b'fhéidir gur mhaith leat ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.

Níl an OSFC freagrach as ábhar nó as cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile a fhéadann tú teacht orthu trí naisc sheachtracha ar an suíomh gréasáin seo. Aithnítear go soiléir aon naisc dá leithéid.

Conas a dhéanann tú mheas ar an suíomh gréasáin seo i dtéarmaí:

Loading

Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e