Foirm Tuarascáil Ciontaithe Indíotáilte

http://www.odce.ie/ga-ie/ráiteaspríobháide.aspxIs í an aidhm atá ag an bhFoirm Tuairiscithe seo go gceadófaí:

(i) don iniúchóir tuairisc a dhéanamh i bhformáid caighdeánach don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach go bhfuil sé/sí den tuairim go bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil cion indíotáilte déanta faoi Achtanna na gCuideachta (féach fógra cinnidh). Beidh an oibligeád tuairiscithe seo ann faoi alt 194 (5) d'Acht na gCuideachtaí 1990 arna leasú ag alt 74 (e) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, nó;

(ii) do chomhlacht gairmiúil forordaithe tuairisc a dhéanamh i bhformáid caighdeánach don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le cinneadh dá chuid go bhfuil ball den chomhlacht atá i mbun leachtaithe nó glacadóireachta nach bhfuil na taifid chuí coinnithe aige. Beidh an oibligeád tuairiscithe seo ann faoi alt 58 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, nó;

(iii)do chomhlacht gairmiúil forordaithe tuairisc a dhéanamh i bhformáid caighdeánach don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach go bhfuil foras réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil cion indíotáilte déanta ag ball dá chuid faoi Achtanna na gCuideachtaí le linn leachtaithe nó glacadóireachta. Beidh an oibligeád tuairiscithe seo ann faoi alt 192 58 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

(iv) do chomhlacht gairmiúil cuntasóirí aitheanta tuairisc a dhéanamh i bhformáid caighdeánach don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach go bhfuil foras réasúnta aige chun a chreidiúint go bhfuil cion indíotáilte déanta ag ball dá chuid faoi Achtanna na gCuideachtaí le linn don té sin a bheith ina bhall den chomhlacht. Beidh an oibligeád tuairiscithe seo ann faoi alt 192 d'Acht na gCuideachtaí 1990 arna leasú ag alt 73 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

Leagtar amach sa bhfoirm seo freisin an cineál eolais a theastaíonn le go mbeidh an Stiúrthóir agus an fhoireann in ann meastóireacht chuí a dhéanamh ar an tuairisc. Má tá iniúchóir, comhlacht gairmiúil forordaithe nó comhlacht cuntasóireachta aitheanta tagtha ar an tuairim go bhfuil cion indíotáilte déanta de réir bhrí na n-alt thuasluaite, is féidir an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach in éindí le haon fhianaise dhoiciméadach nó eile a thugann tacaíocht don tuairim sin.

Sula gcomhláintear an fhoirm léigh le do thoil na Nótaí a leanas maidir le Comhlánú na Foirme Tuairisce.

Nótaí le Comhlánú na Foirme Tuairisce

  1. Ba cheart do gach duine/comhlacht atá ag tuairisciú ceisteanna 1, 2 agus 15 a fhreagairt
  2. Ina theannta sin ba cheart na ceisteanna a leanas a fhreagairt:
  • Ba cheart d'iniúchóirí atá ag tuairisciú faoi (i) thuas .i. an tuairisciú maidir le hamhras faoi chion indíotáilte faoi Alt 194(5) d'Acht na gCuideachtaí, 1990, ceisteanna 3 go dtí a 7 a fhreagairt.
  • >Ba cheart do chomhlachtaí gairmiúla forordaithe atá ag tuairisciú faoi (ii) thuas ceisteanna 8 go dtí a 11 a fhreagairt .i. an tuairisciú maidir le loiceadh leachtaitheora nó glacadóra taifid chuí a choinneáil faoi alt 58 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.
  • Ba cheart do chomhlachtaí gairmiúla forordaithe agus do chomhlachtaí cuntasóireachta aitheanta atá ag tuairisciú faoi (iii) agus (iv) thuas .i. an tuairisciú maidir le forais réasúnta lena chreidiúint go bhfuil cion indíotáilte faoi Acht na gCuideachtaí déanta ag comhalta faoi Alt 58 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001 nó faoi alt 192 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 arna leasú ag alt 73 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, ceist 10 agus ceisteanna 12 go dtí a 14 a fhreagairt.

Foirm Tuarascáil Ciontaithe Indíotáilte (pdf, 98kb) (104kb)

Agus tú ag tabhairt cuairte ar ár suíomh gréasáin nó ag úsáid ceann dár bhfoirmeacha, féadfaidh tú, cé nach gá i gcónaí é, Sonraí Pearsanta a sholáthar. Tá do phríobháideachas tábhachtach dúinn agus táimid tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint.

Tá gach faisnéis a bhaineann le sainchúram reachtúil na hOifige faoi réir dualgais reachtúla rúndachta faoi Acht na gCuideachtaí (a. 956) chomh maith leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Déanaimid iarracht slándáil, príobháideachas, cruinneas, agus rúndacht na sonraí uile (go háirithe do Shonraí Pearsanta) a bhailímid, a rialaíonn agus a phróiseálann muid.

Ní úsáidfimid do shonraí pearsanta ach ar bhealach atá ag teacht lenár n-oibleagáidí agus do chearta faoin dlí (m.sh. Achtanna na gCuideachtaí, an RGCS agus an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí).

Sula soláthraíonn tú aon cheann de do Shonraí Pearsanta, b'fhéidir gur mhaith leat ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.

Níl an OSFC freagrach as ábhar nó as cleachtais phríobháideachais suíomhanna gréasáin eile a fhéadann tú teacht orthu trí naisc sheachtracha ar an suíomh gréasáin seo. Aithnítear go soiléir aon naisc dá leithéid.

Theme picker

Rialuithe Cúirte

Theme picker

New Publication:

Single Guide for Companies 
Email info@odce.ie for a copy

Please visit FAQs before contacting the office

Covid-19 and AGMs

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

COVID-19 NOTICES
Temporary contact details
Insolvency related issues
Data Protection issues
Statement on the performance of our functions
Temporary amendments to Companies Act 2014
(extended to 30th April 2022)

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC