« back Breithiúnais Chúirte
 

• 19 Eanair 2010
Maidir le hAcht na gCuideachtaí 1963 go 2010 agus Maidir le DCC plc, S&L Investments Limited agus Lotus Green Limited, Taifid Ard Chúirte Uimhir 2008 Uimh. 189 Cos

Breithiúnas an Bhreithimh Kelly a bhain le cibé orduithe a bhí fóirsteanach faoi Alt 11 agus Alt 12 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus a thug sé uaidh an 19 Eanair 2010 tar éis do Thuarascáil na gCigirí, a Ceapadh (faoi Alt 8 d’Acht na gCuideachtaí 1990) chun cúrsaí DCC plc, S&L Investments Limited agus Lotus Green Limited, a bheith seachadta chuig an Chúirt (ar an 11 Eanair 2010).

Clicáil anseo chun teacht ar Tuairisc an Cigire.

• Dé Máirt 29 Iúil 2008
Chinn an Ard-Cúirt inniu an tUasal Bill Shipsey a cheapadh mar cigire ar DCC plc, S&L Investments Ltd. agus Lotus Green Ltd.
Cliceáil anseo chun teacht ar an Breithiúnas (Béarla amháin)
Cliceáil anseo chun teacht ar an Fógra Tairisceana (Béarla amháin)


• 23 Iúil 2004
Maidir le hAcht na gCuideachtaí 1963 go 1990 agus Maidir le National Irish Bank Limited agus Maidir le National Irish Bank Financial Services Limited - Uimhreacha Taifid Ard-Chúirte 1998 / 89 Cos agus 1998 / 132 Cos

Breithiúnas an Bhreithimh Kelly a bhain le cibé orduithe a bhí fóirsteanach

faoi Alt 11 agus Alt 12 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus a thug sé uaidh an

23 Iúil 2004 tar éis do Thuarascáil na gCigirí, a Ceapadh (faoi Alt 8 d’Acht na

gCuideachtaí 1990) chun cúrsaí National Irish Bank Limited agus National

Irish Bank Financial Services Limited a Fhiosrú, a bheith seachadta chuig an

Chúirt (an 12 Iúil 2004)

Cliceáil anseo chun teacht ar Bhreithiúnas an Bhreithimh Kelly
. (Béarla amháin)(PDF)
Cliceáil anseo chun teacht ar an Ordú Cúirte a rinneadh dá bharr. (Béarla amháin)(PDF)
Cliceáil anseo chun teacht ar Thuarascáil na gCigirí. (Béarla amháin)

Is iad seo a leanas na hOrduithe Cúirte a bhaineann le feidhmeanna an OSFC i leith fiosrúchán cuideachta:


• 1 IÚIL 2002
Tar éis tuairisc a fháil ón Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach go raibh súil aige bheith in ann Tuarascáil Ansbacher a fhoilsiú an 6 Iúil, d’ordaigh an tArd-Chúirt gan aon chuid den Tuarascáil sin a fhoilsiú nó a nochtadh roimh 9.30 i.n. an lá sin.

• 28 MEITHEAMH 2002
Fuair an Ard-Chúirt tuairisc ón Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach gur gá moill cúpla lá thar an dáta ar ar beartaíodh i dtosach .i. Dé Máirt, 2 Iúil um nóin, a chur ar fhoilseachán Tuarascáil Ansbacher. Cliceáil anseo chun teacht ar an mionnscríbhinn a bhaineann leis. (Béarla amháin)

• 24 MEITHEAMH 2002
Ansbacher (Cayman) Limited.
Ordú Tuarascáil na gCigirí a chur i gcló agus a fhoilsiú.
I measc rudaí eile d’ordaigh an Breitheamh Finnegan an Tuarascáil iomlán a chur i gcló agus a fhoilsiú sa bhformáid chéanna agus a fuair an Chúirt í agus í a chur ar fáil am nach túisce ná meán lae Dé Máirt an 2 Iúil 2002.

• 10 MEITHEAMH 2002
Ansbacher (Cayman) Limited.
Cur i láthair Tuarascáil na gCigirí san Ard-Chúirt. D’ordaigh Uachtarán na hArd-Chúirte, an Breitheamh Finnegan an Tuarascáil a fháil sa Chúirt agus gan cóipeanna a sheoladh ach go dtí an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Ina theannta sin Ordaíodh gan ábhar na Tuarascála a nochtadh go dtí go dtiocfadh cibé Ordú breise ón gCúirt.

• Ansbacher (Cayman) Ltd: Dhiúltaigh an Ard-Chúirt an 14 Aibreán 2002 d’iarratas a rinne McCann Fitzgerald Dlíodóirí ar son dhá dhuine aonair go n-éistfí i gCúirt iata le himeachtaí áirithe a bhain le Fiosrúchán na hArd-Chúirte faoin gCuideachta sin. Is sa bhfoirm neamhaontaithe a cuireadh i gcursaíocht sa Chúirt atá téacs bhreithiúnas an Bhreithimh McCracken (Béarla amháin). Cuirfear an leagan deireanach ina áit a luaithe agus is féidir.

• Breithiúnais na Cúirte Uachtaraí i gcás Dunnes Stores Ireland Company, Dunnes Stores (Ionad ILAC Centre) Ltd agus Margaret Heffernan in aghaidh Gerard Ryan agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Éire agus an Ard-Aighne. Is féidir téacs na mbreithiúnas (Béarla amháin) a rinne na Breithimh HerbertMurray agus Príomhbhreitheamh Keane a íoschóipeáil trí chliceáil ar an nasc ábhartha.

Orduithe na hArd-Chúirte an 22 Meán Fómhair 1999, 5 Deireadh Fómhair 1999 agus 8 Nollaig 2000 ag sainmhíniú théarmaí tagartha na gCigirí a ceapadh do Ansbacher (Cayman) Ltd. (Doiciméid MS Word, Béarla amháin)

Orduithe na hArd-Chúirte an 30 Márta 1998 agus an 31 Iúil 2001 ag sainmhíniú théarmaí tagartha na gCigirí a ceapadh do National Irish Bank Ltd.
Orduithe na hArd-Chúirte an 15 Márta 1998 agus an 31 Iúil 2001 ag sainmhíniú théarmaí tagartha na gCigirí a ceapadh do National Irish Bank Financial Services Ltd.

Tá teacht ar go leor breithiúnas Cúirte a bhaineann le hAchtanna na gCuideachtaí ag www2.bailii.org.

Is féidir go bhfuil roinnt comhaid ar an leathanach seo le fail i bhformáid PDF amháin. Taistíonn Adobe Acrobat Reader uait na comhaid seo a léamh. Tá sé le fail mar íoslód saor ó suíomh Adobe.

 


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e