Comhaltas Cuideachta

01. Cé is féidir leo bheith ina gcomhalta de chuideachta?

De ghnáth leagtar amach na rialacha a rialaíonn ballraíocht de chuideachta in Airteagail Chomhlachais na cuideachta.  Is é/í comhalta de ghnáth, ach ní i gcónaí, duine de úinéirí na cuideachta agus a ainm taifeadta ar chlár na mball.  Meastar a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta na síntiúsóirí tosaigh meabhrán comhlachais an cuideachta.

Féach led’thoil ar Leabhar Eolais agus Treoir Tapa  OSFC (Béarla Amháin faoi láthair) Comhaltaí.

02. An bhfuil teorainn ar líon na mball de cuideachta?

Tá. Tá ag gach cuideachta do réir dlí gá a bheith acu ar a laghad comhalta amháin agus níl ag na cuideachtaí is mó teorainn uasta ar bhallraíocht.  Tá dhá eisceacht (a) Cuideachtaí Teoranta Príobháideacha (TEO) agus (b) Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe - tá teorainn uasta ar ballraíocht socraithe ag 149.

03. Céard is scairshealbhóir ann?

Is éard atá i scairshealbhóir ná duine atá scair nó scaireanna i gcuideachta aige/aici.  Éiríonn an scairshealbhóir ina chomhalta den cuideachta nuair a cuirtear a n-ainm i gclár na gcomhaltaí.

04. Conas a éirí as ballraíocht cuideachta?

I cuideachta faoi theorainn scaireanna is é an próiseas ná na scaire a aistriú.  I gcineálacha eile cuideachta ba chóir go leagtar amach i mBunreacht na Cuideachta an próiseas trína féidir leis an comhalta scaradh a mballraíocht.

05. An bhfuil riachtanas ann clár na comhaltaí a choinneáil?

Tá. Éilíonn Acht na gCuideachtaí de gach cuideachta clár dá comhaltaí a choinneáil ag oifig cláraithe na cuideachta. (Alt 169 CA 2014).   Ba chóir don clár a bheith ann ainm agus seoladh gach comhalta, an dáta ar ar tháinig gach ball ar an gclár agus an dáta ar scoir siad de bheith ina gcomhaltaí.

Má tá scairchaipiteal ag an chuideachta ba cheart bheith sa chlár líon na scaireanna atá ag gach comhalta freisin.

06. Cé is féidir leo clár na comhaltaí a scrúdú?

Is féidir le aon comhalta cuideachta a clár a scrúdú saor in aisce, agus is féidir le aon duine eile  an clár a scrúdú ar íoc táille ainmniúil (Alt 216 Acha na gCuideachtaí). 

Féadfaidh comhalta nó aon duine eile cóip den chlár a iarraidh ón cuideachta ar íoc táille (Alt 217 Acht na gCuideachtaí). 

Is cion é diúltú nó mainneachtain ag an gcuideachta nó ag aon oifigeach den cuideachta i ndáil leis an gclár. 

Má loiceann cuideachta nó oifigeach an iarratas a comhlíonadh, is féidir leis an iarratasóir iarr ar an OSFC cabhrú leo.  Is féidir le OSFC cúnamh a thabhairt nuair atá foirm gearán foirmiúil comhlánaithe agus faoi bhráid na hOifige.

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC