Foirceannadh/Leacht

01. Céard is foirceannadh cuideachta ann?

Is é atá i bhfoirceannadh cuideachta ná deireadh saoil chorparáidigh cuideachta trí imeacht foirmiúl foirceannadh nó leachtú trína díscaoileadh go dlíthiúil cuideachta.  Is iad na módhanna deireadh a chur le saol cuideachta ná  foirceannadh toilteanach na gcomhaltaí, foirceannadh toilteanach na gcreidiúnaithe, nó foirceannadh/leachtú éigeantach na Cúirte.

Féach led’thoil ar Rannán ‘Dlí Cuideachta & Tusa’ le haghaidh breis eolais agus foilseacháin ghaolmhara.

02. Foirceannadh toilteanach na gcomhaltaí

Is é an ghné riachtanach de foirceannadh toilteanach na gcomhaltaí ná nach mór don chuideachta a bheith sócmhainneach (i.e. is féidir léi a fiacha a íoc mar a bhíonn siad dlite) agus cinneann na comhaltaí deireadh a chur léi.  Sa chás go bhfuil an chuideachta de "fad seasta" nó "cúis ar leith" is modh malartach é trí gnáthrún de réir Alt 580 d'Acht na gCuideachtaí.

Is gné ríthábhachtach de foirceannadh toilteanach na gcomhaltaí an "Dearbhú Sócmhainneachta".  Tá na stiúrthóirí faoi dhualgas Dearbhú Sócmhainneachta cruinn a dhéanamh (Ailt 207 & 579). Caithfear an dearbhú lua an méid iomlán na sócmhainní agus dliteanais na cuideachta (de réir tréimhse trí mhí seo caite) agus go bhfuil fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta déanta ag na dealbhóirí (stiúrthóirí) atá den tuairim go mbeidh bhfuil an chuideachta in ann a fiacha agus dliteanais eile a íoc laistigh den tréimhse dhá mhí déag seo chugainn.

Ní mór an dearbhú a tharraingt suas san fhormáid cheart agus in éineacht le tuarascáil ag duine atá cáilithe chun gníomhú mar iniúchóir reachtúil den cuideachta, a deireann cibé, ina t(h)uairim, nach bhfuil an dearbhú míréasúnta.
Tá sonraí an phróisis agus na ceanglais chomhdaithe reachtúil ar fáil ar láithreán gréasáin an OCC.

03. Foirceannadh toilteanach na gcreidiúnithe

Is féidir cuideachta a fhoirceannadh mar foirceannadh toilteanach na gcreidiúnithe sa chás go tarlaíonn seo a leanas:

-    réitíonn comhaltaí na cuideachta i gcruinniú ginearálta nach féidir leis an gcuideachta leanúint ar aghaidh lena ghnó mar gheall ar a dliteanais agus go ndéanfaí é a fhoirceannadh mar leachtú deonach creidiúnaithe agus tionóltar cruinniú creidiúnaithe;

-    athraítear leachtú deonach na gcomhaltaí go leachtú deonach na gcreidiúnithe(féach an mír sin roimhe seo); nó

-    i gcás nach rinneadh dearbhú i ndáil le foirceannadh deonacha na gcomhaltaí i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d'Acht na gCuideachtaí.

Sa chéad sraith de chúinsí mar a léirítear thuas, ceaptar leachtaitheoir de ghnáth ag cruinniú na gcomhaltaí agus tionólann an chuideachta cruinniú a creidiúnaithe don lá ar, nó an lá tar éis, an rún foirceanta bheith beartaithe.  Ní mór don chuideachta a fhógairt ar an gcruinniú creidiúnaithe, aon uair amháin ar a laghad in dhá nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe nó príomháit ghnó na cuideachta suite, agus fógra ar a laghad deich lá a thabhairt.

Is é an príomh difríocht idir foirceannadh toilteanach gomhaltaí agus gcreidiúnithe ná gur féidir leis na creidiúnaithe an leachtaitheoir a roghnaigh.  Ní mór do na stiúrthóirí ráiteas iomlán de chúrsaí na cuideachta a ullmhú agus é a chur i láthair ag an cruinniú, mar aon le liosta na gcreidiúnaithe agus méideanna measta a n-éileamh.  Tionólfaidh an leachtaitheoir cruinnithe ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé/sí i láthair a chuntas deiridh ar cruinniú deireanach na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe.

Measfar go díscaoilte an chuideachta, trí mhí tar éis seachadta cuntas deiridh an leachtaitheora agus tuairisceán na cruinnithe deireanach seo tugtha don Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Tá sonraí an phróisis agus na ceanglais chomhdaithe reachtúil ar fáil ar suíomh idirlíne an OCC.

04. Foirceannadh éigeantach na Cúirte

Is féidir leis an Chúirt foirceannadh cuideachta a ordú ar fhorais éagsúla (Alt 569 d'Acht na gCuideachtaí 2014) ina measc:

• sa chás go réitigh an chuideachta trí rún speisialta go mbeidh an cuideachta á fhoirceannadh ag an gCúirt;
• sa chás nár thosaigh an cuideachta a gnó laistigh de bhliain ó ionchorprú nó go chuir sí a gnó ar fionraí ar feadh bliana ar fad;
• sa chás gobhfuil na comhaltaí go léir marbh agus ní eiseann said;
• sa chás nach bhfuil an cuideachta n ann a fiachais a íoc;
• sa chás go bhfuil an Cúirt den tuairim go bhfuil sé cóir agus cothrom go mbeadh an cuideachta foirceanta;
• sa chás go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú, ar dhóigh leatromach d'aon chomhalta nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhalta;
• sa chás go bhfuil an Cúirt sásta, ar achainí an Stiúrthóra, go bhfuil sé le leas an phobail go go mbeadh an cuideachta foirceanta.

Is féidr le raon pháirtithe achainí a chur chuig an Ardcúirt le haghaidh ceapadh leachtaitheora, san áireamh:- an cuideachta féin, aon creidiúnaí an cuuideachta, comhaltaí no daoine a cheanglaítear ranníocaíocht a dhéanamh ar na sócmhainní.  Ba chóir go fógraítear an achainí.

Tá sonraí an phróisis agus na ceanglais chomhdaithe reachtúil ar fáil ar suíomh idirlíne an OCC.

05. Cathain a mheastar nach féidir le cuideacht a fiacha a íoc?

Meastar nach féidir le cuideachta íoc as a fiacha i roinnt cúinsí ina measc, sa chás:

(a) sheirbheáil creidiúnaí, a mbeidh an chuideachta i bhfiacha i suim is mó ná €50,000 (leasú sealadach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a chruthaigh Covid-19), éileamh scríofa ar an gcuideachta ag a hoifig chláraithe íoc as an tsuim dlite agus theip ar an cuideachta ar feadh 21 lá a íoc as an tsuim dlite nó a dhaingniú nó cumaisc le haghaidh é chun sástachta réasúnta na gcreidiúnaithe; nó
(b) má tá dhá cheann nó níos mó creidiúnaithe a bhfuil an chuideachta faoi chomaoin i suim is mó ná €50,000 (leasú sealadach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a chruthaigh Covid-19) a sheirbheáil éileamh scríofa ar an gcuideachta ag a hoifig chláraithe a íoc as an tsuim dlite agus theip ar an chuideachta ar feadh 21 lá a íoc as an tsuim dlite nó a dhaingniú nó a cumaisc le haghaidh sé chun sástacht réasúnta na gcreidiúnaithe; nó
(c) má cuirtear ar ais gan bheith sásaithe go hiomlán nó go páirteach forghníomhú nó próis eile a eisíodh de bhun breithiúnais, foraithne nó ordaithe ó aon Chúirt i bhfabhar creidiúnaí na cuideachta; nó
(d) má tá sé cruthaithe chun sástachta na Cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

06. Cruinnithe

Cuireadh bearta sealadacha i reachtaíocht chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a chruthaigh Covid-19. Le linn na tréimhse eatramhacha féadfar cruinnithe creidiúnaithe, leachtaitheoirí, comhaltaí agus ranníocóra a thionól ag baint úsáide as teicneolaíocht cumarsáide leictreonaí.

Féadfar cruinnithe den sórt sin a thionól:

  • teicneolaíocht cumarsáide leictreonaí a úsáid go hiomlán nó go páirteach gan aon ghá le hionad fisiceach ar an gcoinníoll go mbeidh deis réasúnach ag gach freastalaí ábhartha páirt a ghlacadh sa chruinniú;;
  • i gcás ina soláthraíonn nó go n-éascaíonn an duine ábhartha úsáid na teicneolaíochta cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear meicníocht chun vótaí a chaitheamh roimh an gcruinniú nó lena linn;
  • le srian comhréireach lena chinntiú go sainaithneofar lucht freastail agus slándáil na teicneolaíochta cumarsáide leictreonaí chun an riosca éillithe sonraí agus rochtain agus cinnteacht neamhdhleathach maidir leis an bhfoinse a laghdú;
  • i gcás ina ndéantar vótáil ar rúin le taispeáint lámh an lucht freastail ábhartha ar choinníoll gur féidir an t-aitheantas a fhíorú.                                  

Ní mór a lua san fhógra faoi na cruinnithe atá le reáchtáil ag baint úsáide as teicneolaíocht cumarsáide leictreonaí
an t-ardán leictreonach atá le húsáid;

  • sonraí maidir le rochtain ar an ardán leictreonach;
  • fráma ama chun tinreamh a dhearbhú;
  • aon srian atá i bhfeidhm chun lucht freastail a aithint;
  • nós imeachta chun ceisteanna a chur; agus
  • nós imeachta vótála.

07. Céard is Leachtaitheoir ann?

Is é/í an Leachtaitheoir an duine ceapadh chun cuideachta a fhoirceannadh.   Is é a p(h)ríomh-fheidhm ná sócmhainní na cuideachta a dhiúscairt, íoc as nó socrú a fiacha agus aon barrachas a roinnt idir na comhaltaí.  Nuair atá cuideachta faoi leachtú, de gnáth glacann an leachtaitheoir cumhachtaí na stiúrthóirí.

08. Céard is Glacadóir ann?

Is é/í an Glacadóir an duine ceapann an Cúirt chun sócmhainn áirithe a dhíol thar ceann iasachtóir a bhí geallta an tsócmhainn mar bhonn comhthaobhachta in aghaidh iasacht.  I nglacadóireacht, cuirtear ar cheal cumhachtaí agus údarás na cuideachta i ndáil leis na sócmhainní a bhfuil tionchar ag an ghlacadóireacht orthu.

09. Céard is Scrúdaitheoir ann?

Is é/í an Scrúdaitheoir an duine ceapann an Cúirt chun measúnú seasamh na cuideachta agus plean tarrthála a ullmhú le haghaidh an chuideachta.

10. Céard is Scrúdaitheoireacht ann?

Is éard atá i Scrúdaitheoireacht ná próisis ina féidir le cuideachta dul faoi cosaint na Cúirte ar feadh tréimhse amhail is 70 lá.  Go bunúsach tugann sé “cosaint óna creidiúnaithe” ar feadh tréimhse teoranta  go cuideachta atá ionchas marthanais réasúnta aici, chun an gnó a ath-struchtúrú le ceadú na Cúirte.

Le linn na tréimhse sin:
• ní féidir leachtaitheoir nó glacadóir a ceapadh don cuideachta;
• ní féidir le creidiúnaithe gníomhú chun aisghabháil a bhfiacha gan cead na cúirte; agus
• ní féidir le éinne imeachtaí dlí a ghlacadh i gcoinne na cuideachta gan cead na cúirte.

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC