Gearáin

01. Cén chaoi a mbeidh a fhios agam nuair a bhíonn sárú ar dhlí cuideachta i gceist?

Bíonn roinnt de na bunfhreagrachtaí faoi dhlí cuideachta a bhaineann le cuideachtaí agus le hoifigigh cuideachta a leithéid stiúrthóirí, iniúchóirí, leachtaitheoirí agus glacadóirí léirithe inár  Leabhrán Faisnéise Feach.  Má chreideann tú go bhfuil ceann nó níos mó de na hoibleagáidí sin á sárú ba chóir duit é sin a chur in iúl don OSFC ar an  bhFoirm Gearáin atá forordaithe agus fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil a thugann tacaíocht don imní atá agat.

02. Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi chuideachta i dtaca le hAcht na gCuideachtaí?

Foirm Ghearáin ar fáil ar an Leathanach Contact the ODCE de shuíomh idirlín an OSFC. Is féidir an Fhoirm sin, atá i bhformáid PDF, a íosluchtáil go díreach ón suíomh idirlín seo. De mhalairt air sin féadfar foirm a sheoladh chugat tríd an bpoist ar iarratas trí ghlaoch a chur ar an Oifig ag 01-858 5800(Íosghlao 1890 315 015).
Ba chóir an fhoirm a chomhlánú agus an oiread sonraí agus is féidir a sholáthar. Ba chóir an Fhoirm agus an fhianaise dhoiciméadach a thugann tacaíocht dá bhfuil ann a sheoladh chugainn ag an seoladh poist thíos:

Aonad Fhorfheidhmiú
Oifig an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Chearnóg Pharnell 
Baile Átha Cliath 1
D01 W5C2

03. Céard a dhéanfaidh an OSFC le mo ghearán?

Déanfaimid measúnú ar an eolas a chuirtear ar fáil agus déanfaimid tuilleadh fiosrúcháin de réir mar is gá. Má mheastar gníomh forfheidhmithe a bheith cuí féachfaimid leis an easnamh a leigheas nó pionós a ghearradh ar a n-áirítear imeachtaí cúirte.

04. Má dhéanaim gearán an mbeidh an OSFC ag iarraidh cabhair uaim?

Beidh. Féadfaidh sé go mbeifear ag iarraidh uait an t-eolas a thug tú dúinn a shoiléiriú nó breis eolais nó doiciméadaithe a sholáthar dúinn chun cabhrú linn lenár bhfiosrúcháin..

05. An dtabharfaidh an OSFC cás chuig an chúirt ar mo shon?

Déanfaidh an OSFC iniúchadh ar gach gearán a fhaightear maidir le hamhras faoi shárú ar Acht na gCuideachtaí atá déanta ag cuideachta nó ag duine dá stiúrthóirí/gníomhairí. Nuair atá sárú ar dhlí cuideachta deimhnithe go soiléir gabhfaidh an OSFC i mbun gnímh mar is cuí. Féadfaidh cás a thabhairt os comhair na Cúirte bheith san áireamh leis sin.

In go leor cásanna áfach beidh sé de cheart ag an ngearánaí de réir dlí cás sibhialta a thionscnamh i gcoinne na cuideachta nó i gcoinne páirtí nach í a bhfuil conspóid aige/aici leis/léi. Nuair is leor gníomh dá leithéid mar leigheas ar an ngearán féadfaidh sé nach mbreithneoidh an OSFC an ceist mar cheist a bhaineann leis an leas poiblí agus nach measfar í bheith ina húdar idirghabhála don OSFC.

06. An féidir liom faireachán a dhéanamh ar dul chun cinn gearáin?

De ghnáth ní féidir. Mura mbeimid ag iarraidh cabhair uait chun gearán a iniúchadh nó chun aon imeachtaí dlí ina dhiaidh sin a ullmhú ní cuirfear in iúl duit an dul chun cinn maidir le haon ghearáin mura bhfuil agus go dtí go bhfuil an cás os comhair na cúirte.

07. Cén chaoi a bhfaighidh mé cóip de chinneadh an OSFC maidir le gearán?

I go leor cásanna, ní dócha go gcuirfear in iúl don phobal cinntí an stiúrthóra agus na foirne a bhaineann le, mar shampla, cásanna ar leith d'amhras faoi mhí-iompar faoi Achtanna na gCuideachtaí murach gur cuid de thionscnamh imeachtaí cúirte iad iardain. Tarlaíonn sin mar gheall ar na forálacha i leith rúndacht a mbíonn an Stiúrthóir agus an fhoireann ag feidhmiú dá réir. Tá siadsan ceaptha cosaint a thabhairt d'inniúlacht an stiúrthóra fiosrúcháin a dhéanamh agus fianaise gaolmhara a bhailiú le tacaíocht a thabhairt dá dhualgais reachtúla.

08. An gníomhaíonn an OSFC i gcónaí de bhun gearán a fhaightear?

Ní ghníomhaíonn. Ar an ndálaí ina bhféadfaimid cinneadh a dhéanamh gan ladar a chur sa scéal:
- má bhíonn sé de cheart ag an ngearánaí de réir dlí cás sibhialta a thionscnamh i gcoinne na cuideachta nó i gcoinne páirtí nach í a bhfuil conspóid aige/aici leis/léi agus nuair is leor sin chun an scéal a leigheas;
- murar léir go bhfuil Achtanna na gCuideachtaí sáraithe. Más rud é áfach go dtugtar le tuiscint go bhfuil reachtaíocht eile á shárú tig linn an gearánaí a chur faoi bhráid na n-údarás ábhartha ( m.sh. an Garda Síochána sa chás gur féidir calaois a bheith i gceist, na Coimisinéirí Ioncaim sa chás go bhfuiltear amhrasach faoi chionta cánach, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí sa chás go gceaptar sárú dlí iomaíochta a bheith i gceist, etc,);
- mura bhfuil an chumhacht faoin dlí ag an OSFC idirghabháil a dhéanamh go héifeachtúil.

09. An bhfuil sé de cheart agam imeacht príobháideach a chur chun tosaigh bíodh gearán déanta agam nó ná bíodh?

Tá. Tá sé de cheart ag gearánaí imeacht príobháideach a chur ar aghaidh i gcoinne cuideachta nó i gcoinne duine a bhfuil baint aige/aici leis an gcuideachta is cuma an bhfuil gearán curtha chuig an OSFC nó nach bhfuil. Maidir leis an gceist ar chóir nó nár chóir duit an ceart sin a chleachtadh, dálaí do cháis áirithe féin curtha san áireamh, ba chóir duit dul sa tóir ar chomhairle dlí sula ndéanfaidh tú cinneadh.

10. Dá rachainn i mbun caingean cúirte príobháidí an dtabharfadh an OSFC comhairle dom maidir le cén rath a mheasfaí bheith uirthi?

Ní thabharfadh. Ní thairgeann an OSFC comhairle do ghearánaithe faoi an bhfuil nó nach bhfuil údar dlisteanach caingne cúirte acu faoi Acht na gCuideachtaí. Má chuireann tú gearán chuig an Oifig ná shíl nach gá duit dá bharr sin dul sa tóir ar cibé leighis phríobháideach a bheidh ar oscailt duit.

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC