Nochtadh Cosanta

Is féidir Nochtadh Cosanta a bhaineann le sárú Dhlí na gCuideachtaí a dhéanamh leis an Stiúrthóir trí ríomhphost a sheoladh chuig protected.disclosures@odce.ie. Is féidir leat tuilleadh eolas a fháil faoi ról an Stiúrthóra maidir le Nochtadh Cosanta a fháil inár bPolasaí.

Le hAlt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, foráiltear go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, ar tuarascáil é a bhaineann leis an mbliain díreach roimhe sin i bhfoirm nach féidir na daoine lena mbaineann a aithint. Ní mór go sonraítear an méid a leanas sa tuarascáil thuasluaite:

i. líon na nochtuithe cosanta a tugadh don chomhlacht poiblí;

ii. an gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin; agus

iii. aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham.

Áiríonn OSFC an tuarascáil seo ina Tuarascáil Bhliantúil gach bliain.  Sa bhreis, tá mionsonraí ar fáil ar na fo-leathanaigh ábhartha atá liostaithe thíos nó ón roghchlár ar chlé na leathanaigh seo.

2019 - 2020

2017 - 2018

2015 - 2016

 

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Ceisteanna a Fiafraítear go Minic
Spreagann OSFC an pobal cuairt a thabhairt ar na CFManna (ceisteanna a fiafraítear go minic) arna leathnú le haghaidh eolas roimh theagmháil a dhéanamh leis an oifig.
Socruithe Covid-19 do CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Covid-19: Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 9 Meitheamh 2021)

Nuacht is Déanaí

Gearradh pianbhreith ar fhear as Leamhcán tar éis dó cionta iolracha gadaíochta agus dlí cuideachtaí a chiontú. Tá Preasráiteas eisithe ag an Stiúrthóir ar an ábhar (Béarla amháin).