2019 - 2020

2020
Tuarascálacha a fuarthas le linn 2020 
Le linn na bliana dar deireadh an 31 Nollaig 2020 fuair an OSFC nochtadh cosanta amháin (2019: 8). 

An gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin
I ndiaidh scrúdú a dhéanamh, deimhníodh go an nochtadh cosanta lasmuigh de shainchúram na hOifige. 

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham.
Níl sé infheidhme

2019
Tuarascálacaha a fuarthas le linn 2019
Le linn na bliana dar deireadh an 31 Nollaig 2019, fuair an OSFC 8 (2018: 5) nochtadh cosanta.

An gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin
Tar éis scrúdú a dhéanamh orthu, cinneadh go raibh 6 cinn de na nochtuithe cosanta a fuarthas lasmuigh de shainchúram na hOifige. Ag deireadh na bliana, bhí an dá cheann eile á mbreithniú.

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham
Níl sé infheidhme.

Rialuithe Cúirte

Theme picker

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcoinne Sean O'Neill

Author: Maria Leavy/Dé hAoine 29 Samhain 2019/Categories: Prosecution Cases 2019

Tar éis imscrúdaithe a rinne Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, cuireadh comhad isteach agus fuarthas treoir faoi mhuirear ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Gabhadh Iniúchóir Sean O'Neill, an 24 Iúil 2019, agus cúisíodh 23 gcinn de ghoid, Contrártha le hAlt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001. Bhain na cionta le goid €28,520 de mhaoin an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ar an 1 Samhain 2019 phléadáil an cosantóir ciontach i ndíotáil aonair i leith Gadaíochta contrártha d'Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gadaíocht agus Calaois) 2001 roimh Chúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath.

Thug an Bleachtaire Garda Miriam Redican, comhalta den Gharda Síochána agus oifigeach OSFC fianaise ar fhíorais an cháis. Ar an 28 Samhain 2019 bhí an cheist os comhair Chúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath agus chuir an Breitheamh Martin Nolan pianbhreith príosúnachta 24 mí ar an gcosantóir, cuireadh na 19 mí deiridh ar fionraí ar choinníollacha áirithe, lena n-áirítear an gá €18,000 a aisíoc leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Number of views (4162)/Comments (0)

Tags:

Theme picker

Airí

Ceisteanna a Fiafraítear go Minic

Spreagann OSFC an pobal cuairt a thabhairt ar na CFManna (ceisteanna a fiafraítear go minic) arna leathnú le haghaidh eolas roimh theagmháil a dhéanamh leis an oifig.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19

Sonraí teagmhála sealadacha

Saincheisteanna a Bhaineann le Dócmhainneacht

Saincheisteanna um Chosaint Sonraí